Keep up to Date!

Subscribe and get the latest news from John straight to your inbox.

Rugadh orm i gCorcaigh (Rebeltown)

B’fhada liom go dtréigfinn
An chré róbhog dar di mé
Sara bhfáiscfí an deoir dheireanach
As an gcloch im lár,
Sara gcaithfeadh an grá
A dhá láimh timpeall mo mhuiníl
Dom tharraingt síos
Go tóin an phoill abhaile.

Rugadh orm i gCorcaigh,
Tarraing anáil, tarraing anáil,
Rugadh orm i gCorcaigh,
Tarraing anáil go híseal,
Rugadh orm i gCorcaigh,
Cathair faoi thalamh,
Baile faoi thoinn,
Meilimse garbh is mín,
Tarraing anáil isteach is amach,
Tarraing anáil go hÉirinn.

Ní thánag anuas leis an mbáisteach,
Tarraing anáil, tarraing anáil,
Ní thánag anuas leis an mbáisteach,
Tarraing anáil go héasca,
Ní thánag anuas leis an mbáisteach,
Coinnigh do sheile,
Coinnigh do dheoir,
A Chríost na bhFlaitheas in airde,
Tarraing anáil isteach is amach,
Tarraing anáil más féidir.

Tá Dia idir sinn agus Bóthar na Laoi,
Mar dhea, mar dhea,
Dia idir sinn agus Bóthar na Laoi,
Tarraing anáil le chéile,
Dia idir sinn agus Bóthar na Laoi,
Uisce faoi thalamh i mbaile na gclog,
Carraig na bhfear i gcuan na mban,
Tarraing anáil isteach is amach,
Tarraing anáil go hÉirinn.

Ó mairim ó shin i ndomhan na ndeor,
Tiocfaidh tú slán, ní thiocfaidh tú slán,
Mairim ó shin i ndomhan na ndeor,
Tiocfaidh tú slán ar éigin,
Mairim ó shin i ndomhan na ndeor,
Greim an fhir bháite ar bhruach na habhann,
Ní ghoilfidh an chathair im dhiaidh,
Tarraing anáil isteach is amach,
Tarraing anáil go hÉirinn.

Ó rugadh orm i gCorcaigh,
Tarraing anáil, tarraing anáil,
Rugadh orm i gCorcaigh,
Tarraing anáil go híseal,
Rugadh orm i gCorcaigh,
Cathair faoi thalamh,
Baile faoi thoinn,
Meilimse garbh is mín
Tarraing anáil isteach is amach,
Tarraing anáil go hÉirinn.

Rebeltown

I couldn’t wait to get away
from the soft soft earth
that had made me
before the last tear
was squeezed
from the stone in my heart,
before love wrapped itself
round my neck,
dragging me, drowning,
home.

I was brought up in a rebel town,
Do what you’re told,
Don’t answer back;
I was brought up in a rebel town,
Do what you’re told,
Do you hear me?
I was brought up in a rebel town,
Underground city,
Submarine town,
Chewing them up
And spitting them out,
Do what you’re told,
Don’t answer back,
It’s nothing to do with you boy.

I didn’t come down in the last shower,
Mind your own business,
Know what I mean.
I didn’t come down in the last shower,
Like it or not, I know what you mean,
I didn’t come down in the last shower,
Say what you like
Only do what you’re told,
Jesus Christ on a bike.

God is between us and the Lee Road,
Mar dhea, mockia,
God between us and out the Lee Road,
Down on your knees,
Say your prayers, boy,
God between us and out the Lee Road,
Think what you like,
I never said that;
Mind your own business,
Do what you’re told,
Walk away and don’t look back;
Who do you think you are, boy?

I’m still living here beside heaventown,
Never give up, never give in,
Still living here beside heaventown,
Holding on by the skin of my teeth,
Still living here beside heaventown,
Holding like death to the edge of the world,
They’re chewing me up
And spitting me out,
I’ll never give up,
Never give in,
But nobody knows that I’m here, boy.
I was brought up in a rebel town,
Do what you’re told,
Don’t answer back;
I was brought up in a rebel town,
Do what you’re told,
Do you hear me?
I was brought up in a rebel town,
Underground city, submarine town,
Chewing them up
And spitting them out,
Do what you’re told,
Don’t answer back,
It’s nothing to do with you boy.

<------Back