Óró, Sé do Bheatha Abhaile
‘Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar!
B’é ar gcreach tú bheith i ngéibhinn,
Do dhúiche bhreá i seilbh méirleach,
‘S tú díolta leis na Galla’
Cúrfá;
Óró ‘sé do bheatha abhaile,
Óró ‘sé do bheatha abhaile,
Óró ‘sé do bheatha abhaile,
Anois ar theacht an tsamhraidh!
2.
Tá Gráinne Mhaol a’ triall thar sáile,
Óglaigh armtha lei mar gharda,
Gaeil iad fhéin ní Gaill ná Spáinnigh,
Is cuirfidh siad ruaig ar Ghalla’!
Cúrfá;
3.
A bhuí le Dia na bhfeart má dhearcaim,
Muna mbím beo ina dhiaidh ach seachtain,
Gráinne Mhaol is míle gaiscíoch
Ag fógairt fáin ar Ghalla’
Óró ‘sé do bheatha abhaile
B’fhearr liom tú ná céad bó bhainne
Óró ‘sé do bheatha abhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh