Keep up to Date!

Subscribe and get the latest news from John straight to your inbox.

Beidh Aonach Amárach

Beidh aonach amárach i gContae an Chláir,
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir,
Beidh aonach amárach i gConta an Chláir,
Cén mhaith dhom é? Ní bheidh mé ann!

Cúrfá;
Is a mháithrín an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mháithrín an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mháithrín an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mhúirnín óg ná h-éiligh é.
2.
Níl tú a deich ná a haondéag fós,
Níl tú a deich ná a haondéag fós,
Níl tú a deich ná a haondéag fós,
Nuair a bheidh tú trí déag beidh tú mór!

Cúrfá;
3.
Táimse i ngrá le gréasaí bróg,
Táimse i ngrá le gréasaí bróg,
Táimse i ngrá le gréasaí bróg,
Mura bhfaighidh mé é, ní bheidh mé beo!

4.
B’fhearr liom fhéin mo ghréasaí bróg,
B’fhearr liom fhéin mo ghréasaí bróg,
B’fhearr liom fhéin mo ghréasaí bróg,
Ná oifigeach airm faoi lásaí óir!
Cúrfá; Repeat verse 1.

<------Back